Próifíl

Pearsanta

Tá Seán pósta le Marian Flannery, a rugadh in Óstán an Carmel, Sráid Eoin, Cill Chainnigh. Oibríonn Marian mar Stiúrthóir Chomhlachta agus mar Bhainisteoir Thionscnaimh san earnáil phriobháideach.

Tá beirt pháiste acu;
Fionn atá trí bhliana déag agus Caoilfhionn atá naoi mbliana d’aois.




 

 

Oideachas

Chuaigh Seán go bunscoil Naomh Fhíonáin sa Choireán, Co Chiarraí. I ndiaidh sin, d'fhreastal sé ar Choláiste Naomh Fhíonáin, sa Mhuileann Chearr, Co. na hIarmhí roimh teacht abhaile go Cheárdscoil an Choireáin. Ag an triú leibhéal bhain Seán amach Céim Onóracha san Oideachas (B. Ed.) ó Choláiste Froebel agus Coláiste na Tríonóide, chomh maith le Céim Máistreachta (M. Sc) i Ríomhairíocht ó IT Thrá Lí agus CIT.

 

 

Gairm

Is múinteoir bunscoile é Seán i nGaelscoil Osraí i gCill Chainnigh.



Saol Polaitíochta

  • Toghadh Seán mar bhall Chomhairle Buirge Chill Chainnigh i 2004.
  • Toghadh é mar ionadaí ar Chumann Bailte-Chomhairle na hÉireann i 2004. Ball do Choiste Sheasmhach an Chumainn 2004-2005.
  • Toghadh é mar bhall ar Bhórd Forbartha Chontae Chill Chainnigh i 2004.
  • Toghadh é mar Stiúrthóir Amharclann an Watergate i 2004.
  • Toghadh Seán mar Chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre do Dháil-Cheanntar Ceatharlach/ Cill Chainnigh i 2003. Tá sé anois mar Leas-Chathaoirleach an Dáil-Cheanntair.
  • Ball do chraobh Charlie Smyth an Lucht Oibre i gCathair Chill Chainnigh.
  • Toghadh é mar Leas Uachtarán ar Aontas na Macléinn in Éirinn 1986-87.
  • Ball do Pháirtí an Lucht Oibre ó 1987.
  • Toghadh é mar Leas Chathaoirleach Náisiúnta ar Óige an Lucht Oibre i 1988.